1.5
Tá dhá phríomhfheidhm ag na litreacha gutacha, mar atá gutaí agus défhoghair a
léiriú, agus léiriú a dhéanamh ar cháilíochtaí na gconsan atá in aice leo san
fhocal céanna.
Sleamhnóg a thugtar ar litir ghutach nach bhfuil aici ach an dara feidhm. Ní
fhuaimnítear na sleamhnóga ar chor ar bith, sin nó sleamhnaítear tharstu go
héadrom tapa.
Aon áit a bhfuil litir ghutach gan síneadh sa chló iodálach in aice le litir
ghutach sa chló trom san fhocal céanna in 1.5-19 léiríonn sí sleamhnóg: anois,
ceann, slánaitheoir.