An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

1.6

An scéim atá á léiriú thíos ar fhuaimeanna na Gaeilge tá na tréithe seo a leanas
inti.

Tá sí simplí, tá sí ag teacht leis an litriú an méid is féidir, tá sí bunaithe
ar an mbéal beo le cúnamh na gcanúintí éagsúla, agus tá sí beagnach ar aon dul
leis an scéim atá molta in Foclóir Póca ag an Institiúid Teangeolaíochta (An
Gúm, 1986).

Tabharfar faoi deara go bhfuil cáilíochtaí ginearálta na ngutaí neamhspleách ar
an aiceann, ar an bhfad, ar an tsrónaíl, agus ar na consain chóngaracha.