15.1
Comhréir An Bhriathair
An modh Ordaitheach
Níl ach am amháin i gceist sa mhodh ordaitheach:
- an fáistineach.
Is iad seo na cásanna ina n-úsáidtear é
- chun ordú nó achainí a léiriú:
- éist liom
- maith dó
- ná caitear tobac
- ná cluinim trácht air
- i gclásal faomhach (tríú pearsa, bí):
- bíodh nach dtuigim é, tuigim as
- is cás liom é,
- bíodh nach bhfuil aithne agam air
- i gclásal neamhchúiseach:
- stadadh an fhearthainn nó ná stadadh, rachaidh mé a shnámh.