15.2
An Modh Táscach
Is de réir rialacha 14.4-5 go hiondúil a úsáidtear aimsirí an mhodha tháscaigh
- chun am an ghníomhaithe a léiriú:
- tiocfaidh sé amárach agus ceannóidh sé an talamh
- deir sé go mbeidh sé in am feasta cé go mbíodh sé déanach anuraidh
- thosaigh sí ag gol nuair a chuala sí an scéal
- tá sí chomh céillí inniu agus a bheidh sí choíche.
Tugtar na heisceachtaí is tábhachtaí in 15.3-4.
Na rialacha atá in 15.5-14, tá siad faoi réir rialacha 15.23-28.