An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.4

I gcomhrá agus in óráidíocht, áfach, níl aon táscach láithreach de ghnáth ach ag
- bí,
- is
- agus ag briathra a léiríonn gníomhú na gcéadfaí agus na haigne:
- feicim,
- cloisim,
- mothaím,
- ceapaim,
- creidim,
- deirim,
- etc.

I gcás na mbriathra sin cuireann an comhthéacs in iúl de
ghnáth cé acu láithreach nó gnáthláithreach atá i gceist:
- cloisim anois é
- cloisim gach maidin é.

I gcás an bhriathair bí is foirm bhriathartha a léiríonn é:
- tá mé saor [anois]
- bím saor [gach tráthnóna].

Má tá leanúnachas sa ghníomhú is minic an láithreach in ionad an ghnáthláithrigh:
- cá bhfuil tú i do chónaí?
- tá tú sáite sa luaith ar fad le déanaí
- tá mé á chloisteáil sin riamh
- tá sé ag dul chun cinn anois.