15.5
Is é an láithreach leanúnach is ceart in abairtí mar
- cá huair atá sibh ag brath pósadh?
- toisc go dtuigtear don chainteoir go bhfuil an rud socair cheana féin.
O
Agus trí analach leis an saghas abairte sin,
is minic láithreach an bhriathair bí in áit an fháistinigh in abairtí mar
- táthar á chur amárach
- tá ceolchoirm againn sa scoil anocht
- táimid ag filleadh Dé Máirt.
Ach i gcás aon bhriathar eile is é an fáistineach is gnách a úsáid nuair atá am
fáistineach i gceist.
Is féidir an aimsir chaite a úsáid i gclaoninsint ar an láithreach sin thuas:
- dúirt sí go rabhthas á chur an lá a bhí chugainn.