15.7
Is í an aimsir ghnáthláithreach a léiríonn am fáistineach chomh maith le ham
gnáthláithreach ar lorg má:
- déanaim é gach lá má bhíonn am agam
- déanfaidh mé amárach é má bhíonn am agam.
Ach úsáidtear an aimsir láithreach más am láithreach atá i gceist:
- déanfaidh mé anois é má tá am agam.