An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.8

Más gné éigin de chúrsaí an tsaoil i gcoitinne agus nach gníomhú ar leith atá i
gceist is minic a úsáidtear in ionad an ghnáthláithrigh:
- táscach láithreach an bhriathair bí má tá leanúnachas i gceist
- fáistineach briathar ar bith mura bhfuil leanúnachas i gceist:
- sin mar a oibríonn mearaí sainte,
- an té a dtiocfaidh sé air
- níl foighne aige fanacht go ndéana céad pingin an punt dó
- ní shásóidh aon ní é ach lán na lámh
- an rud nach bhfuil ionat ó nádúr ní thiocfaidh tú in éifeacht leis
- nuair atá an duilleog feoite is beag an t-aithleá a scoiltfidh den chraobh í
- má tá duine á bhá déanfaidh sé a dhícheall ar theacht i dtír.