15.12
Úsáidtear láithreach na copaile de ghnáth roimh fhocal a thugtar amach as abairt
lena threisiú, cibé am atá i gceist:
- an tinn a bhí Eibhlín?
- ní leatsa a rachaidís (théidís, chuaigh siad).
- Agus sa chlaoninsint féin úsáidtear é:
- d'fhiafraigh sé díom an tinn a bhí Eibhlín.
Féadtar an chopail stairiúil a úsáid freisin
roimh fhorainm pearsanta, 3ú pearsa:
- arbh (an) é Seán a rinne an obair?