15.13
Is minic táscach láithreach an bhriathair bí in áit an fháistinigh, agus an
táscach caite in áit an choinníollaigh, in iarbheart abairte coinníollaí chun
cinnteacht a léiriú:
- tá an t-ádh air mura bhfágtar ar an trá fholamh é
- má théann tú ann tá deireadh leat
- dá rachfá coiscéim
- dá rachfá amháin eile bhí tú marbh
- murach Pól bhí mo chos briste
- bhí iasc le fáil ach olcas na hoíche.