An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.15
AN MODH COINNÍOLLACH
Úsáidtear an modh coinníollach sna cásanna seo:
- i gclásal ainmfhoclach ar lorg briathair stairiúil
- chun am a léiriú atá fáistineach nó caite
- ó thaobh am an bhriathair sin (15.23):
- cheap sí go rachainn inné (inniu, amárach).

- in iarbheart abairte coinníollaí má tá coinníoll iata ann:
- d'eitleoinn go dtí an ghealach dá ligtí dom
- bhrisfí mo chos murach tusa
- scríobhfainn féin mura scríobhfása.

Ach féach 15.13.
- in ionad an ghnáthchaite uaireanta:
- san am sin mharódh sé caora gach maidin.

- i leath-chlaoninsint mar a léirítear smaointe duine éigin san am atá thart
faoi eachtraí a bheadh roimhe amach:
- Bhí a fhios aige cad a dhéanfadh sé.
- Thabharfadh sé cuairt i gceann seachtaine ar an teach a raibh Nuala ann.
- Dhéanfadh sé a chomhrá léi agus d'inseodh sé gach rud di.
- Ansin ghlanfadh sé leis go hAlbain
- agus phósfaí é agus Máire go fiúntach
- má pósadh aon fhear riamh go fiúntach.

- i gclásail aidiachtacha den saghas seo a leanas ina bhfuil an réamhtheachtaí
saor:
- bia an-mhaith é, an té a bheadh cleachta leis.

- chun maolú ar cheist nó ar ráiteas le cúirtéis, cúthaileacht, etc.:
- Ní bheadh lasán agat? Tá
- an dtabharfá dhá phunt siúcra dom, le do thoil? Tabharfaidh, go deimhin, a
bhean uasal
- an gcaithfeá toitín? Caithfidh, go raibh maith agat.

Féach gur sa táscach atá na freagraí thuas.

- chun fearg, mífhoighne, etc., a léiriú:
- ní bheinn gafa leo mar lampaí
- ar mhiste leat do hata a bhaint díot?
- bhrisfinn a mhuineál
- bhuail mé ó thalamh an doras ach ní osclódh sé é.
- le róchinnteacht a sheachaint:
- cheapfá go bhfuil sé tinn
- ba dhóigh leat gur marbh a bhí sé.
- chun féidearthacht nó dualgas a léiriú:
- cá bhfuil siad? Ní bhfaighinn a rá
- d'fhéadfá teacht amárach.
- B'fhéidir é
- oscail í. Ní fhéadfainn é (Ní thiocfadh liom)
- ba chóir duitse suí síos ach b'fhearr dise éirí.
- mar fhreagra ar cheist reitriciúil sa táscach
lena léiriú nach bhféadfadh ach freagra amháin a bheith ar an gceist sin:
- Cá rachaidh tú anois?
- Cá rachainn ach ar ais abhaile?
- Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? Cad a dhéanfaimis ach móin a dhó?
- Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?
- i gceist reitriciúil chun tobainne nó ionadh in am caite a léiriú:
- cé bheadh ann ach Seán?
- céard a chloisfinn ach glór duine?
- i gceist reitriciúil chun brí dhiúltach a threisiú:
- cé a chreidfeadh é?
- cé a cheapfadh go...?
- cé a shamhlódh dó é?

- Ní úsáidtear an coinníollach i gceist reitriciúil
- atá ina foirm threise ar ráiteas diúltach i dtaobh fíorais:
- cad é a bhí ann ach leanbh? (= ní raibh ann ...)
- i gcomparáidí áirithe a bhfuil samhail iontu:
- thit an fear mar a thitfeadh sac folamh
- bhí sé ag airneán arís mar nach bhfágfadh sé an baile riamh.
- (Béarla:... as if he had never left...).
185

- Ní úsáidtear an coinníollach
- (mura bhfuil cúis éigin eile leis) i gcomparáid
- idir dhá ní a tharla nó a tharlóidh (dar leis an gcainteoir):
- d'imigh sé mar a tháinig sé
- imeoidh sé mar a thiocfaidh sé.
- ag iarraidh ar dhuine abairt a athrá nó a dhéanamh níos soiléire:
- Ar chuala tú an t-eitleán?
- Cad a chloisfinn?
- chun am caite a léiriú ar lorg dóbair:
- dóbair go marófaí aréir é
- dóbair go dtitfinn inné.

- Maidir leis an gcoinníollach in ionad an fhoshuitigh, féach 15.18-22.

- AN MODH FOSHUITEACH