An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.14

Úsáidtear an aimsir chaite shimplí i nGaeilge áit a mbeadh an láithreach foirfe
nó an caite foirfe sa Bhéarla:
- ní rabhamar ann fós
- mar a dúirt mé
- m'iníon Cáit a bhí in Albain fadó a phós é.

Mar an gcéanna is é an láithreach simplí nó
an caite simplí is gnách roimh an bhfocal riamh:
- an bhfaca tú riamh é? (Béarla: Have you ever...)
- tá sé mar sin riamh anall. (Béarla: It has been ...)
- níor chualamar riamh roimhe sin é. (Béarla: We had never ...)