15.21
Úsáidtear an foshuiteach caite nó an coinníollach nuair is aimsir
stairiúil atá sa phríomhchlásal
- ar lorg go, nó go, sula, i gclásail aidhme:
- d'fhan (d'fhanadh, d'fhanfadh) sé ag baile go dtéadh (rachadh) an Fhéile
Bríde amach
- tháinig (thagadh, thiocfadh) sí isteach sula bhfeictí (bhfeicfí) í.
- Ní gnách an foshuiteach a úsáid ar lorg aon chónaisc eile, ar shlí go (nach),
- chun go (nach), etc.:
- sheas sé ar shlí go bhféadfadh sé an troid a fheiceáil
- tabhair chuige an leabhar i dtreo go léifidh sé é.
Níl aidhm i gceist san abairt
'rug sé ar an tseanbhean gur chuir sé ina suí sa chúinne í',
agus tá an aimsir chéanna sa dá chlásal.