An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.22

Agus úsáidtear an foshuiteach caite nó an coinníollach nuair is aimsir stairiúil
atá sa phríomhchlásal a- r lorg go, nó go, sula, ach a, má tá aon choincheap
eile le cois ama i gceist a dhéanfadh an gníomhú hipitéiseach ar dhóigh éigin:

- bhí caoga nóiméad le feitheamh ag Úna go (sula) dtagadh (dtiocfadh) an
traein.

Leath-chlaoninsint atá san abairt sin thuas.

Táthar ag breathnú an cháis trí aigne Úna, agus gan a fhios aici san am go
mbeadh an traein ann go cinnte i gceann an chaoga nóiméad sin.

Ach más clásal é nach bhfuil aon ní i gceist ann ach an t-am, aimsir an
uaschlásail a bhíonn sa chlásal ama dar tús go, etc.:
- d'fhan sé ag baile go ndeachaigh an Fhéile Bhríde amach
- tháinig sé isteach sula ndeachaigh an ghrian a luí
- ní choinníodh sí cuimhne air ach go n-imíodh an phian.

AIMSIRÍ STAIRIÚLA IN IONAD AIMSIRÍ PRÍOMHA