15.23
Aimsirí Stairiúla In Ionad Aimsirí Príomha
Nuair atá clásal ainmfhoclach faoi réir ag uaschlásal a bhfuil aimsir phríomha
ann, agus go ndéantar aimsir stairiúil den aimsir phríomha sin, is gnách na
hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar an aimsir sa chlásal ainmfhoclach agus i
ngach clásal eile atá faoi réir ag an gclásal ainmfhoclach:
- táscach láithreach > táscach caite
- táscach gnáthláithreach a léiríonn am gnáthláithreach > táscach gnáthchaite
- táscach gnáthláithreach a léiríonn am fáistineach > modh coinníollach
- táscach fáistineach > modh coinníollach
- foshuiteach láithreach > foshuiteach caite nó modh coinníollach.
- Ní athraítear aimsir ar bith atá stairiúil cheana féin.
Aimsirí Príomha:
- Geallaim don Athair síoraí nach n-ólfaidh mé deoir arís go dté mé i dtalamh
má leigheasann sé an leanbh.
- Tá a fhios acu go bhfuil sí caoga bliain d'aois má tá sí bliain.
Aimsirí Stairiúla:
- Gheall mé don Athair síoraí nach n-ólfainn deoir arís go dtéinn i dtalamh dá
leigheasfadh sé an leanbh.
- Bhí a fhios acu go raibh sí caoga bliain d'aois má bhí sí bliain.
bliain. bliain.
Aimsirí Príomha Aimsirí Stairiúla
Is eol dúinn go dtéann sí an | B'eol dúinn go dtéadh sí an
cóngar nuair a bhíonn sé tirim | cóngar nuair a bhíodh sé tirim
mura mbíonn a fear léi. | mura mbíodh a fear léi.