An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.41
Staid

Úsáidtear an briathar bí le staid a chur in iúl le haidiacht:
- tá sé fuar (te, briste)
- le go + aidiacht:
- bhí sí go holc (dona, hálainn)

- le ar + ainmfhocal (teibí nó coitianta):
- tá Seosamh ar buile (mire),
- ar muir (farraige)

- thar ceann abairt aicme:
- tá sé ar dhuine de na príosúnaigh
- bhí an Spáinn ar ríochtaí móra an domhain
- níl iontu ach amadáin
- bean atá inti

- thar ceann abairt ionannais:
- bhí Cormac ar an gcéad (dara,...) duine isteach
- tá sé ar an bhfear is saibhre sa tír
- cé a deir daoine atá ionam?
- cé a shíleann tú atá ionat?
- níor mhaith liom bheith ar an té a déarfadh é

- chun comparáid a dhéanamh:
- tá sé ar fhear chomh láidir is atá sa chontae
- níl sé chomh maith d'fhear lena athair
- tá Máirtín ina fhear agat

- leis an réamhfhocal i + aidiacht shealbhach + ainmfhocal teibí
- bhí sé ina luí (chodladh, chónaí, neart, shuí)

- nó ainmfhocal a thagraíonn don ainmní:
- tá sé ina lá (oíche, chogadh eatarthu)
- tá Tadhg ina fhear.

- Féach na difríochtaí atá eatarthu seo:
- ní bheidh mé i mo shuí (staid)
- ní bheidh mé ag suí

(gníomh - agus staid ina dhiaidh sin)

- ní shuífidh mé (gníomh)
- bhí siad ag suí chun boird nuair a...

(gníomh leanúnach sa mhéid go raibh cuid acu go díreach tar éis suí agus cuid ar
tí suí).