An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.42
Is fiú tuilleadh a rá faoin abairt úd:
tá Tadhg ina fhear.

Ciallaíonn an abairt go bhfuil tréithe iomlána na feargachta i dTadhg.

Le linn a ráite ní bhítear ag smaoineamh ar Thadhg a bheith ina bhall d'aicme ar
bith mar a bheifí dá ndéarfaí 'is fear Tadhg'.

Nuair a chuirtear an cheist 'cad é an rud é sin?'
is ag lorg aicme an ruda atáthar.

Mar sin de, ní féidir freagra de shaghas tá sé ina fhear a thabhairt.

Ní mór an chopail a úsáid:
- 'is fear é'
- 'fear is ea é', etc.