An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.43

D'ainneoin a bhfuil in 15.42, is iomaí comhthéacs ina dtiocfadh an dá shórt
abairte,
- 'is fear é'
agus
- 'tá sé ina fhear', a chómhalartú,
agus is féidir buaine nó sealadacht
a chur i gcéill leo araon.
- buaine le bí:
- bhí Cathal ina amadán riamh
- bhí Oisín ina mhac ag Fionn
- tá an tAthair ina Dhia
- sealadacht le bí:
- bhí sé ina leanbh tá deich mbliana ó shin
- tá sé ina ghasúr anois
- beidh sé ina fhear i gceann deich mbliana eile
- buaine le is:
- oileán is ea Éire
- sealadacht le is:
- bhí sé tinn anuraidh ach is fear breá láidir anois é
- is duine óg fós é.