15.46
Ní féidir ainmfhocal a fhaisniú le hainmfhocal eile, nó a chothrom, ar lorg an
bhriathair bí.
Os a choinne sin féadann ainmfhocal nó a chothrom teacht go díreach ar lorg
ainmní an bhriathair bí mar chomhlánú ar an mbriathar:
- tá Úna bliain d'aois
- an bhfuil sí an méid sin?
- bhí an mála trí chloch meáchain
- tá sé ceathrú chun a dó
- i gcomhaisnéis leis an ainmní:
- tá sibh scata mór ann
- mar dhobhriathar:
- tá sé rud beag fuar.