15.47
Na comhaimsirí
Feidhmíonn an briathar bí mar bhriathar cúnta in éineacht le hainm briathartha
briathair eile nó lena aidiacht bhriathartha chun comhaimsirí an bhriathair eile
a chumadh:
- tá Seán ag (tar éis, ar tí) éirí
- tá an siopa le díol (ar oscailt, á dhathú)
- tá Seán éirithe.