15.48
An focal réamhrá
Bíonn an briathar bí ina fhocal réamhrá
i bhfreagraí ar cheisteanna dar tús cad, cé, etc:
- Cé atá ann? Tá, Séamas.
- Cad a dúirt sé? Tá, go bhfuil eagla air.
- i míniú ar lorg mar:
- tá seacht sacraimint ann, mar atá, baiste, cóineartú, etc.
- thug sé triúr leis, mar a bhí, Peadar, Séamas agus Eoin
- i bhfrásaí dobhriathartha áirithe:
- rinneadh an droichead tá bliain ó shin ann.