An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.55

Maidir le hábaltacht an ghníomhaí a chur in iúl, is iad seo na leaganacha is
coitianta:
- leaganacha a úsáidtear i gcás am ar bith:
- tá mé in acmhainn (in ann, in inmhe) é a dhéanamh
- an bhfuil tú in acmhainn (etc.) a dhéanta?
- tá sé ar mo chumas an chloch a ardú
- níl sé ar mo chumas an t-eolas a thabhairt duit
- féadaim a rá
- féadfaidh sé teacht lá ar bith feasta (ach féach 15.57 maidir le brí eile)
- an bhfuil caoi (gléas) ort é a dhéanamh?
- níl aon dul agam ar é a aimsiú.
(I gceist nó i ráiteas diúltach is mó a úsáidtear an péire deireanach sin.)

- leaganacha a úsáidtear sa láithreach:
- is féidir leis (dó) é a thuiscint
- tig liom an leabhar a léamh.
- leaganacha a úsáidtear sa choinníollach:
- d'fhéadfainn (thiocfadh liom, gheobhainn) iad a ithe.

- Cé gur ábaltacht atá i gceist nuair a bhaintear feidhm as
- tig le,
- thiocfadh le,
- gheobhainn,

is rud a éirí le duine atá i gceist nuair a úsáidtear na foirmeacha caite:
- tháinig leis (fuair sé, chuaigh agam) é a dhéanamh.