15.56
Cuirtear féidearthacht imthoisceach
(is é sin gan ábaltacht gníomhaí a bheith i gceist)
in iúl le leaganacha mar iad seo:
- an amhlaidh (an é, an ea) nach gcreideann tú mé?
- ní fios (níl a fhios, cá bhfios) cén uair a fhillfear
- thiocfadh [dó] go bhfuil (raibh, etc.) siad ann
- d'fhéadfadh [sé] go raibh siad ann
- go bhféadfadh!
- an féidir go bhfuil tart ort?
- ní féidir go dtiocfaidh (gur tháinig) sé
- chomh luath agus is féidir
- dá mb'fhéidir é.
Is gnách an coinníollach a úsáid thar ceann is féidir i bpríomhchlásal
ráiteasach:
- b'fhéidir go bhfuil (raibh, mbíonn, mbíodh, mbeadh).