An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

4.1
Séimhiú:

Is é is ciall le séimhiú sa teanga scríofa h a chur isteach i bhfocal nó i mír
de chomhfhocal ar lorg thúschonsan an fhocail nó na míre.

"An túschonsan a shéimhiú" nó "an focal (an mhír) a shéimhiú" a deirtear.

Tá h ar an dara litir i bhfocail áirithe i gcónaí:
- bheith,
- bhur,
- cheana (dobhriathar),
- choíche,
- chomh,
- chugam,
- chugat, etc.,
- chuig,
- chun,
- gheobhaidh, etc.,
- thall,
- tharam,
- theas, - thiar,
- thoir,
- thuaidh.

Deirtear go bhfuil buanséimhiú orthu sin.

Maidir le fuaimniú na gconsan séimhithe féach 1.28-29.

Ní dhéantar séimhiú ar h, j, l, n, q, r, v, w, x, y, z, ná ar s roimh c, f, m,
p, t, v.