An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.2
Ní shéimhítear go hiondúil
- forainm (ach amháin sin sa dobhriathar ó shin):
- ar mé (tú, sinn, sibh) a mholadh
- tabhair é do cibé a thiocfaidh
- ag déanamh ionadh mór de cé a rinne é
- na haidiachtaí mo, do, gach: ar m'anam
- faoi gach cloch

- forainm réamhfhoclach:
- tabhair dom
- dá mba duit

- dobhriathar ar lorg ainmfhocail nó aidiachta:
- bean sách ard
- chosain sé trí phunt glan
- san áit chéanna díreach

- aidiacht fhaisnéiseach (ach amháin de réir 4.24):
- chonaic sé a bhean marbh roimhe

- cónasc:
- thar mar ba ghnách
- ainmneacha na litreacha:
- ar bé
- faoi cé
- fuaim an gé
- dath an pé
- sa cú
- teidil leabhar, etc.:
- roimh Foclóir Póca.