15.59
Bíonn riachtanas imthoisceach ann (is é sin, gan oibleagáid gníomhaí a bheith i
gceist) má mheasann an cainteoir gur gá socrú ar chonclúid áirithe tar éis
imthosca áirithe a mheas.
Seo leaganacha is gnách a úsáid san aimsir chaite:
- b'éigean dó gur thit a codladh uirthi
- b'éigean dó gur anseo a maraíodh iad.
San aimsir láithreach a bhíonn an briathar módúil sna leaganacha seo a leanas
mura claoninsint ar lorg briathair stairiúil atá ann:
- ní foláir nó tá (bhí) sé tinn
- ní foláir nó go bhfuil sé ina chodladh
- ní foláir nó is (gur) amadán é.
Cuirtear ní foláir ag deireadh na habairte corruair:
- tá sé tinn, ní foláir.
Is féidir príomhchlásal ráiteasach nó fochlásal ráiteasach a úsáid ar lorg nó
thuas.
Ach má dhéantar fochlásal ráiteasach den abairt iomlán, e.g. sa chlaoninsint, ní
mór foirm an fhochlásail ráiteasaigh ar lorg nó freisin:
- an ndeir tú liom nach foláir nó go bhfuil (raibh) sé tinn?
- dúirt Nuala nárbh fholáir nó go raibh Seán ina chodladh
- bhí mo mháthair cinnte nárbh fholáir nó gur amadán a bhí ann.
San fháistineach a chuirtear an briathar módúil sna leaganacha seo:
- caithfidh [sé] go bhfuil (raibh) an cluiche thart
- caithfidh [sé] gur bean chróga í
- caithfidh [sé] go bhfuil sí ina bean chróga.