15.58 Mar seo a léirítear oibleagáid (dualgas a bheith ann cibé acu a luaitear
an gníomhaí nó nach luaitear):
- leaganacha is féidir a úsáid le haimsir ar bith:
- tá agam le dul abhaile
- bhí aige le bó a bhleán
- bhí bó le bleán [aige]
- tá orm dul abhaile
- bhí orm leabhar a cheannach
- ní mór dom suí
- níor mhór dó brostú
- ní mór leis dul
- ní foláir é a dhéanamh
- ní foláir dom imeacht
- níorbh fholáir leis éirí
- ní foláir a admháil go bhfuil an ceart agat
- caithfidh mé imeacht anois
- má chaithim imeacht anois
- chaithfeadh sé géilleadh
- chaith sí rith
- chaitheadh (caitheann) sé teacht gach bliain
- níl caitheamh ar bith air teacht
- is é do dhualgas dul
- tá sé de dhualgas ort dul
- tá sé d'fhiacha ort teacht
- an bhfuil fiacha ort dul?
- tá d'iallach orm iad a dhíol
- tá sé d'oibleagáid orm cabhrú leat
- ní gá duit labhairt
- an gá dul ann? Ní gá (is gá). (I ráiteas diúltach, i gceist, - nó i
bhfreagra ar cheist, is mó a úsáidtear gá.)
- ní fhéadann tú corraí (= ní gá duit...)
- d'fhéad tú gan imní a bheith ort
- (= níor ghá duit...)
- leaganacha a úsáidtear go minic san aimsir chaite, agus uaireanta in aimsirí
eile:
- b'éigean dom dul ann
- b'éigean dóibh na fuinneoga a dhúnadh
- b'éigean an scoil a dhruidim
- déan é más éigean duit.