An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

15.61
Eolas, Aithne, Fios

Ábaltacht chun fianaise (díreach nó neamhdhíreach) a thabhairt ar áit nó ar rud
nó ar dhuine atá i gceist sna leaganacha seo:
- tá eolas a chreidimh (cheirde, shlí) aige
- an bhfuil eolas na háite (cathrach, tíre) agat?
- tá a lán eolais aige ar Napoléon (an mBíobla, stair na hÉireann)
- níl aon eolas agam ar an bhfear sin
(= níl a fhios agam cér díobh é ná cárb as é ná cá bhfuil sé in a chónaí ná...)

- tá mé eolach go maith air (ar a thréithe, a chleasa...)
- tá sé eolgach ar an obair (seantaithí aige uirthi)
- cén chaoi a bhfuair tú an fios sin?
- d'fhéadfá fios do ghnóthaí a bheith agat
- níl fios an scéil (na háite) agam
- tá a fhios agam faoi
- tá gach uile fhios agam
- níl ach aithne cáile agam air
(= níl aithne agam air ach chuala mé faoi).