15.62
Ábaltacht chun idirdhealú a dhéanamh idir dhaoine (áiteanna, rudaí) ata i gceist
sna leaganacha seo:
- aithním an fear sin - is é Eoghan Ó Caoimh é
- d'aithin mé an bóthar - ba é an bóthar go Doire é
- d'aithneoinn ar (as) d'athair thú
- ní aithneofá ar a gcaint gur Mheiriceánaigh iad.
- d'fhéadfaí stoirm a aithint ar an spéir thiar.
- tá súilaithne (aithne shúl) agam air
(= d'aithneoinn as scata é cé nach raibh aon chaidreamh agam air riamh)
- sin fear nach aithnid dom
- ní raibh aithne an óil air
(= ní aithneofá go raibh sé tar éis bheith ag ól).