An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.1
Comhréir na Copaile,

Tá an chopail is difriúil go mór le briathra eile na Gaeilge sna pointí seo:
- ina deilbhíocht (14.61-71 ).
- briathra faisnéiseacha atá sna briathra eile, i.e., tig leo bheith ina
bhfaisnéis nó ina gcuid den fhaisnéis ach níl sa chopail ach nasc chun an
fhaisnéis a ghreamú den ainmní.
- ní féidir leis an gcopail seasamh ina haonar in abairt,
- rud is féidir le gach briathar eile a dhéanamh taobh amuigh de chorrcheann
uireasach (arsa, dar).
- go díreach roimh an bhfaisnéis is iondúil an chopail a chur.
- Go díreach roimh an ainmní nó táite leis a bhíonn na briathra eile go
hiondúil.
- bíonn béim ghutha láidir nó mheasartha de ghnáth ar na briathra eile. Bíonn an
chopail gan bhéim.