16.2
Is féidir an chopail a úsáid i ngach aimsir shimplí taobh amuigh den mhodh
ordaitheach.
Seo na haimsirí príomha:
t.l. - táscach láithreach
- is talamh maith anois é
- an madra cú?
t.g.l.- táscach ghnáthláithreach
- sin an uair is contúirtí an leac oighir
t.f. táscach fáistineach
- ná bí déanach nó is cuimhin leat é
- is olc an bhail ar an tír má loiceann na prátaí
- éirigh as sin nó is duit is measa
f.l. foshuiteach láithreach
- gura slán an scéalaí
- las an solas gur léir dúinn a chéile
- Seo na haimsirí stairiúla:
t.c. táscach caiteach
- ba bhreá an fear é tráth
- níorbh é sin a bharúil féin
t.g.c. táscach ghnáthchaite
- b'aoibhinn linn bheith ag éisteacht leis gach oíche
m.c. modh coinníollach
- b'fhéidir go rachainn
- nár mhaith leat go suífinn
m.c. modh coinníollach nó foshuiteach caite
- rachainn dá mb'eol dom an bealach
- dúirt sé nach dteithfeadh sé murarbh áil leis féin é.