16.8
Is féidir ainmní atá ina fhorainm taispeántach a chur roimh an bhfaisnéis agus
an chopail a ligean ar lár:
- Fear a mharú! Sin peaca.
Ní hiondúil leagan mar sin, áfach, ach i bpríomhchlásal ráiteasach dearfach
nuair is aimsir láithreach atá ann agus nach bhfuil forainm pearsanta i
gcomhaisnéis leis an bhforainm taispeántach.
Seo samplaí de leaganacha eile a d'úsáidfí ina ionad:
- is peaca é sin
- ba pheaca é sin
- deir sé gur peaca é sin
- nach eitleáin iad siúd?