16.9
Tugtar an t-ainmní chun tosaigh corruair eile freisin:
- tír gan teanga tír gan anam.
Ar tír gan anam a chuirtear béim an ghutha agus lena chois sin, is léir nach gá
go mbeadh tír gan anam ina tír gan teanga, dhá rud a chuireann in iúl dúinn gur
ar deireadh atá an fhaisnéis.