An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.10
Treisiú na Faisnéise

Cé go mbíonn béim an ghutha ar an bhfaisnéis sa leagan is simplí den abairt
aicme, is minic a theastaíonn í a threisiú tuilleadh.

Tá dhá shlí choitianta ann chuige sin.

------------------------------------------------------
- An gnáthleagan | Leaganacha a threisíonn an fhaisnéis
----------------------|----------------------------------
- is leaba í | (i) leaba is ea í
| (ii) [is] leaba atá inti
- ba shaighdiúirí iad | (i) saighdiúirí ba ea iad
| (ii) [is] saighdiúirí a bhí iontu

------------------------------------------------------
- An gnáthleagan | Leaganacha a threisíonn an fhaisnéis
------------------------|----------------------------------
- an capall é? | (ii) an capall atá ann?
- nach bean í? | (ii) nach bean atá inti?
- ní cait iad | (ii) ní cait atá iontu.
------------------------------------------------------------

Ní úsáidtear leaganacha (i) thuas ach i ráiteas dearfach.

An fhofhaisnéis a thugtar ar ea (an forainm neamhphearsanta).

Tá ea iarthagrach don fhaisnéis leaba, saighdiúirí thuas.