An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.18

Seasann an forainm

ea

d'abairt iomlán go minic:
- Níl sé agat, an ea? (= an ndeir tú nach bhfuil sé agat?)
- Is bréag é. Cad is ea? (= cad a dúirt tú?)
- Dhúisigh sé, ach más ea, níor éirigh sé.
- Pósfaidh sí é. Nárab ea! (= nár phósa!)
- Is dóigh liom, ní hea, táim deimhneach de, go ...

Is minic nach mbíonn in

ea

ach slí chneasta le tús a chur le gnó éigin:
- is ea, a leanbh? (= cad atá uait?)
- is ea anois, a chairde, tosóimid.