An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.19
Is féidir an forainm

ea

a threisiú:
- is ea go deimhin
- ba ea cheana
- capall maith é -- is ea sin
- ní bád sí a bhí ann -- níorbh ea sin ach bád Liam
- daoine deasa iad na Dálaigh. Ba ea sin riamh iad.

Tabhair faoi deara go bhfuil an t-ainmní luaite sa sampla deireanach d'ainneoin
gur

ea

is faisnéis san abairt.

Seo cúpla sampla eile de sin:
- bhí mé i mo dhuine uasal -- cé a déarfadh ná gurbh ea mé
- ní ceart amadán a thabhairt air mar nach ea é
- an ea nach dtuigeann tú mé?