An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.20

Nuair a úsáidtear faisnéis aidiachtach leis an gcopail táthar ag faisniú
cáilíocht áirithe de chuid an ainmní:
- nach deas iad?
- ní fíor sin
- is bréagach thú
- nár cheart Pádraig (ceist reitriciúil)?
- ba leor punt
- is beag an rud is buaine ná an duine.

Is mar a chéile comhréir na n-abairtí sin thuas agus comhréir na habairte aicme
is simplí.