16.23
Taobh amuigh de na cásanna atá luaite in 16.20-22), is gnách forainm, nó
ainmfhocal coitianta a bhfuil an t-alt roimhe, a chur i gcomhaisnéis roimh
ainmní ainmfhoclach cinnte nuair is aidiacht bhunchéime an fhaisnéis:
- is mór í mo chumhacht
- ba mhór é a ghlór
- nach cleasach an mac an saol?
- is maith an t-iománaí an fear ar an gclaí.
Féach na difríochtaí brí agus múnla atá idir an dá abairt seo:
- Nach peileadóir maith [é] Tadhg? [Béarla: isn't T. a good footballer?]
- Is ea nó Ní hea.
- Nach maith an peileadóir [é] Tadhg? [Béarla: isn't T. a good footballer?].
- Is minic gur ceist reitriciúil an dara ceann.
- Is maith, nó tá, an freagra.