16.24
Úsáidtear na haidiachtaí éiginnte i múnlaí tábhachtacha copaileacha roimh
ainmfhocal coitianta gan an t-alt:
- is annamh (beag, fánach, iomaí, tearc) duine a thagann an treo seo
- an iomaí fear [atá] agat?
- is iomaí do leithéid a chabhródh liom
- is iomaí sin duine a chonaic mé.
Féach na difríochtaí brí agus múnla
- atá idir an dá abairt seo:
- Is beag duine a rachadh isteach ann (= ní mórán a ...).
- Is beag an duine a rachadh isteach ann
- (= ní fhéadfadh aon duine dul isteach ann ach duine beag).
Aidiacht éiginnte atá sa chéad abairt, agus aidiacht thuairisciúil sa dara
ceann.
Abairtí Oibiachtúla agus Abairtí Suibiachtúla