16.27
Tá a lán abairtí oibiachtúla ann a fhreagraíonn do na cinn atá in 16.25-26 agus
a bhfuil do in ionad le iontu.
Bheadh na habairtí sin oibiachtúil gan
do
ní chuireann
do
isteach ar an oibiachtúlacht:
- is maith duit é
(= déanann sé maitheas duit cibé faoi do bharúil féin ina thaobh)
- is cuma duit [é] (ní bhaineann sé leat ná buair thú féin faoi)
- ní foláir di dul abhaile (caithfidh sí dul níl aon rogha aici)
- ní mór di éirí as obair feasta (caithfidh sí...)
- ní beag duit é (tá do sháith agat)
- ní miste duit dul abhaile.
Is féidir múnla ceiste reitriciúla
a chur ar chuid de na habairtí sin thuas lena dtreisiú:
- cá beag duit é?
- cá mór daoibh imeacht?
- cá fearr duit bheith ag caint?
- cár mhiste duit é?
Abairt oibiachtúil is ea
- is beag orm iad.