16.26
Is iomaí bealach chun suibiachtúlacht a chur in iúl, e.g. trí fhrásaí mar dar
le, cheap sé, ba é a bharúil, etc.
Níl i gceist anseo, áfach, ach feidhm an réamhfhocail le i bhfaisnéis na
habairte copailí.
Seo roinnt de na cainteanna is tábhachtaí,
- ar lorg aidiachta:
- is ard liom é (= is ard (ró-ard) é, dar liom)
- is maith leis bheith saor
- (ceapann sé gur maith an rud bheith saor)
- ar mhiste leat mé a dhul abhaile?
- b'fhearr léi imeacht
- nárbh fhearr leat luí síos?
- ní beag liom é (ceapaim gur leor é)
- ní mór liom duit é
- (ní dóigh liom go bhfuil an iomad agat níl éad agam leat faoi)
- ba mhór leis de ghreim é (shíl sé go raibh níos mó ná greim amháin ann).
- ar lorg ainmfhocail:
- is cuma liom (ceapaim gur mar a chéile an dá rogha):
- ní foláir leis imeacht (ní shásóidh aon ní é ach imeacht
Béarla he insists on going)
- níorbh fholáir léi an roth a choimeád aici féin.
- Ní i gcónaí a chuireann
le
suibiachtúlacht in iúl:
- is cuimhin liom é
- is liom é.