An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.5
Séimhítear túschonsan ainmfhocail i ndiaidh aidiachta

- mo, do, a (firinscneach uatha), uile:
- mo mhac
- do bhróg
- a fhéasóg
- gach uile fhocal.28

- aon, chéad mura d, s, t an túschonsan:
- aon bhó amháin
- níl aon chiall aige
- an chéad bhliain
- tosach na chéad bhliana
- na chéad bhlianta
- dhá [mura dtagann dhá ar lorg ceann de na haidiachtaí sealbhacha seo:

- a (baininscneach uatha), a (iolra), ár, bhur]:
- tá dhá theach aige
- d'oscail Seán a dhá shúil

Áirítear

mar a chéile

ina ainmfhocal sa fhrása

- dhá mhar a chéile.

- trí, ceithre, cúig, sé, más é an t-uatha a leanann iad:
- trí bhád
- féar ceithre bhó
- ar chúig phunt
- le sé mhí.