An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.6
Séimhiú i nDiaidh na Réamhfhocal:

Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi
réir ag na réamhfhocail seo: a, de, do, faoi, ionsar, mar, ó, roimh, trí, um:
- é a dhíol
- de Shorcha
- do ghasúir
- faoi bhord
- ionsar Phól
- mar dhuine
- ó bhéal
- roimh mhaidin
- trí Bhéarla
- um Shamhain
- trí shioc agus shneachta
- roimh Dhia ná Mhuire
- ó shagart nó dhochtúir.

Ní shéimhítear sna frásaí
- faoi deara
- faoi seach.

Ní shéimhítear focail dar tús consan bruasach ar lorg um
- um maidin
- um Bealtaine.