An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.34

Is é is abairt ionannais ann
abairt ina dtráchtar ar dhá rud a bheith comhionann:
- is mise Seán
- an tusa Séamas?
- níorbh iadsan na gadaithe.

Is féidir cruth ailgéabrach a chur ar an abairt ionannais más ráiteas dearfach
é:
- a = b.

Copail + faisnéis + ainmní
is múnla do na trí abairt sin thuas.

Ní féidir don ainmní bheith éiginnte, agus is an-annamh an fhaisnéis éiginnte.

Ní féidir an t-alt ná ainmfhocal a chur go díreach ar lorg na copaile in abairt
ionannais.

Chun é sin a sheachaint is iondúil forainm pearsanta oiriúnach ar a dtugtar an
fhofhaisnéis a chur ar lorg na copaile.