16.35
Tá dhá shórt abairtí ionannais ann.
an t-ainmní ar deireadh
copail fofhaisnéis faisnéis | ainmní
----------------------------------------------------
[is] | --- | mise | an dochtúir
an | --- | sibhse | na gardaí nua?
ní | --- | hiadsan | iad
ba | --- | é sin | é
[is] | --- | í féin | do chara
nach | í | Cáit | í?
arbh | iad | Muintir na Tíre | iad?
ba | é | an fear rua | é
------------------------------------------------------------------
an fhaisnéis ar deireadh
copail | fofhaisnéis | ainmní | faisnéis
-----------------------------------------------------------------------
an | -- | tú | an dochtúir?
ba | é | mo bharúil | go raibh sé ag goid
nach | é | cuspóir an rialtais | an Ghaeilge a chothú
is | é | an peaca a rinne sé | fear a mharú
ba | é | an rud a chonaic sé | dair mhór