16.45
Is minic nach dtugtar ach an fhaisnéis mar fhreagra ar cheisteanna dar tús cé:
- Cé hé an bhean sin? [Is í] Cáit Ní Chathasaigh [í].
- Cé hé thusa? [Is mé] Cáit Ní Chathasaigh.
- Cé hé mise? [Is tú] Seán Ó Sé.
Má cheapann an freagróir nach bhfuil aithne ag an gceistitheoir ar an duine deir
sé:
- Cáit Ní Chathasaigh is ainm di (dom), etc.