16.46 Uaireanta cuirtear tá ag tosach an fhreagra. - Cé hé féin? Tá, Colm Ó Néill. - Cén bád í siúd? Tá, bád Dhonnchaidh. Fágtar an tá sin ar lár sa chlaoninsint: - dúirt sí gur Cholm Ó Néill - dúirt sí gur bhád Dhonnchaidh í.