16.47
Ní féidir
ea
a úsáid sna freagraí ionannais.
Ní mór forainm pearsanta a úsáid thar ceann fhaisnéis na ceiste:
- An é sin an glas? -- Is é
- ní hé--siúd [é] é.
- An é sin an glas? -- Is é
- ní hé ach an eochair
- ní hé -- is í an eochair í.
- An tusa Séamas? -- Is mé
- ní mé -- sin [é] Séamas.
- An tú Séamas? -- Is mé
- ní mé ach Pádraig
- ní mé -- is mé Pádraig.
- An é Pádraig an captaen? -- Ní hé ach Pilib.
- An é Pádraig an captaen? -- Ní hé ach an leaschaptaen
- Ní hé -- is é an leaschaptaen é.
- An é an teach bán an leabharlann? -- Ní hé ach an teach dearg.
- An í an leabharlann an teach bán? -- Ní hí ach an cheardscoil.