An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.49

Ainmneacha Dílse in Abairtí Aicme agus Ionannais

Más chun tagairt a dhéanamh do dhuine ar leith nó d'áit ar leith a úsáidtear
ainm dílis, is ainm cinnte é.

Mar sin de, más faisnéis an t-ainm dílis ní mór abairt ionannais a úsáid:
- is é Seán mo chara
- nach í Éire mo thír dhúchais?

In aon chás eile féadann ainm dílis bheith cinnte nó éiginnte de réir na
ngnáthrialacha (9.19-23).

Is minic sna cásanna sin gurb é ainm an duine nó ainm na háite, agus nach é an
duine féin ná an áit féin atá á léiriú ag an ainm dílis.

Má úsáidtear an t-ainm dílis éiginnte mar fhaisnéis, ní mór abairt aicme a
úsáid:
- Tomás is ea é mar Tomás is ea a athair
- Micheál ba ea an triúr acu
- is Oisín i ndiaidh na Féinne é
- is Seán is ainm dom
- ní aon Tadhg an dá thaobh mise
- [is] Éire ainm na tíre seo
- Caisleán Nua is ea an baile sin fosta.