An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.50
Treisiú A Dhéanamh leis an gCopail

Is féidir an chopail a úsáid chun páirt d'abairt ina bhfuil a briathar
faisnéiseach a threisiú.

Sa treisiú seo áirítear réamhfhocal + ainmfhocal mar aonad, agus mar an gcéanna
áirítear ainmfhocal agus a chuid cáilitheoirí mar aonaid.

Aistrítear an pháirt atá le treisiú chun tosaigh ar an mbriathar mar fhaisnéis
nua.

Cuirtear an briathar sin san fhoirm choibhneasta, agus is gnách go gcuirtear
foirm phríomha den chopail roimh an iomlán.

Má tá aimsir stairiúil sa ghnáthleagan féadtar foirm stairiúil den chopail a
úsáid roimh fhorainm pearsanta (an tríú pearsa).

Baintear feidhm as fofhaisnéis más gá í de réir 16.34-35.

Treisiú ar Abairt nach
bhfuil an Chopail inti